Comhpháirtíocht fhoirmeálta fógartha ag OÉ Gaillimh agus Amharclann an Druid

Mic léinn OÉ Gaillimh Ethel Rose Murray agus Luke Heffernan le, ó chlé, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh; Professor Patrick Lonergan, an tOllamh Patrick Lonergan, Ollamh le Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta in OÉ Gaillimh; Garry Hynes, bunaitheoir agus Stiúrthóir Ealaíne Druid; agus Marie Mullen, aisteoir agus bunaitheoir Druid. Grianghrafadóir: Boyd Challenger.
Jan 31 2022 Posted: 05:13 GMT

Leagfaidh an chomhpháirtíocht straitéiseach deich mbliana béim ar naisc acadúla agus rannpháirtíocht mac léinn a fhorbairt, ar imeachtaí áitiúla agus domhanda agus ar an earnáil chruthaitheach san iarthar

Tá OÉ Gaillimh agus Druid tagtha ar chomhaontú maidir le comhpháirtíocht straitéiseach 10 mbliana a threiseoidh an caidreamh reatha idir an Ollscoil agus Druid, ar compántas drámaíochta é a bhfuil ardcháil air.

Beidh OÉ Gaillimh ina chomhpháirtí acadúil eisiach ag Druid, agus tairgfidh an comhlacht deiseanna intéirneachta agus féachfaidh sé le cláir OÉ Gaillimh sna hEalaíona Cruthaitheacha a láidriú agus a fheabhsú.

Eagróidh an Ollscoil taispeántas chun ceiliúradh a dhéanamh in 2025 ar an leathchéad bliain ó tháinig Druid ar an bhfód mar aon le comóradh 180 bliain OÉ Gaillimh.  

Deir an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Is iomaí tionscadal iontach ar cuireadh tús leis in OÉ Gaillimh, agus áirítear Druid ar cheann acu sin. Tá traidisiún láidir ealaíon cruthaitheach anseo againn, agus déantar athnuachan ar an traidisiún sin leis an gcomhpháirtíocht seo le Druid atá ag teacht go mór lenár luachanna. Dá bhfiafrófá díot féin cén t-údar a bheadh ag mac léinn as Bostún, Beirlín nó Béising teacht go Gaillimh chun staidéar a dhéanamh, gné amháin is ea an deis uathúil atá ann a bheith i mbun foghlama lenár n-eagraíochtaí cruthaitheacha den chéad scoth, agus áirítear Druid ar cheann acu sin.”

Tá rún ag Druid chomh maith an lorg a fhágann sé ar champas OÉ Gaillimh a mhéadú trí thaibhléirithe agus imagallaimh shaincheaptha a reáchtáil. Ba é Druid Gregory an chéad cheann acu sin, a cuireadh ar bun amuigh faoi aer i gCearnóg na hOllscoile i Meán Fómhair 2020.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Garry Hynes, bunaitheoir agus Stiúrthóir Ealaíne Druid: “Cúis bhróid agus inspreagtha dúinn mar chomhlacht le 10 mbliana anuas is ea Acadamh an Druid in OÉ Gaillimh, agus an obair atá ar siúl againn le mic léinn atá ag tabhairt faoina saol oibre in earnáil na hamharclannaíochta. 

“Tá an-áthas orainn céad chéim eile na comhpháirtíochta acadúla seo a fhógairt, agus a bheith in ann cur leis an gcaidreamh atá againn leis na mic léinn agus an pobal acadúil níos leithne in OÉ Gaillimh, an áit ar bunaíodh Druid in 1975.”

Oibreoidh Druid agus OÉ Gaillimh as lámha a chéile chun straitéisí a fhorbairt a chuirfidh le cáil idirnáisiúnta na Gaillimhe agus féachfaidh siad le caidreamh a chothú leis na pobail agus na cultúir éagsúla nua sa réigiún, agus iad a chomhtháthú.  

Beifear ag díriú chomh maith ar alumni OÉ Gaillimh, rud a bhainfear amach i bpáirt trí léiriúcháin idirnáisiúnta Druid, agus déanfar athnuachan ar láithreacht súl an chomhlachta ealaíon cruthaitheach seo ar an gcampas chun go dtarraingeofar aird na mac léinn agus na foirne trí chéile, agus go dtabharfar inspioráid dóibh.

Cabhróidh Druid chomh maith níos mó feasachta faoi chúrsaí fochéime agus iarchéime OÉ Gaillimh a mhúscailt laistigh den phobal ealaíon sa bhaile agus i gcéin trí fheabhas a chur i gcomhpháirt ar Acadamh an Druid, ar Scéim Ealaíontóir Cónaitheach Druid agus ar Chartlann Druid, atá i seilbh na hOllscoile.

Chuir an tOllamh Patrick Lonergan, Ollamh le Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta in OÉ Gaillimh, leis an méid thuas agus dúirt: “Ní hamháin gur compántas amharclannaíochta inspioráideach é Druid, ach is é ceann de na gnóthaí is rathúla agus is láidre i nGaillimh é chomh maith. Foghlaimeoidh ár mic léinn óna bhfuil bainte amach acu agus iad ag tabhairt faoina bhfiontair ealaíon cruthaitheach féin a chothú in iarthar na hÉireann, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, díreach ar nós Druid. 

Tá an oiread sin bainte amach againn cheana féin as bheith ag obair i gcomhar le chéile, agus tá an chosúlacht air cheana féin gur tréimhse an-spreagúil a bheidh sna deich mbliana romhainn.”

Is féidir Garry Hynes agus Marie Mullen a fheiceál ag déanamh machnaimh ar bhunús Amharclann an Druid trí chuairt a thabhairt ag https://youtu.be/S5NszCy59Mo.

Tá tuilleadh eolais ar chuairt na comhpháirtíochta le fáil ag https://youtu.be/KimKW14Rr2w, nó foghlaim níos mó faoi Dhrámaíocht ag OÉ Gaillimh ag https://www.nuigalway.ie/drama/.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories