Ómós tugtha don Bhreitheamh Catherine McGuinness in OÉ Gaillimh

Tugadh ómós don Bhreitheamh Catherine McGuinness in OÉ Gaillimh nuair a nochtadh portráid choimisiúnaithe di san Ollscoil.
Jun 30 2022 Posted: 10:45 IST

Portráid nochta in Aula Maxima na hOllscoile mar chomhartha ómóis dá bhfuil déanta ag an iarbhreitheamh don institiúid sin

 Tugadh ómós don Bhreitheamh Catherine McGuinness in OÉ Gaillimh nuair a nochtadh portráid choimisiúnaithe di san Ollscoil.

Bhí an breitheamh Cúirte Uachtaraí atá ar scor ina Cathaoirleach ar Údarás na hOllscoile ó ceapadh í i mí Feabhra 2013 go dtí Eanáir 2021.

Rinneadh coimisiúnú ar leith ar an ealaíontóir mór le rá Hetty Lawlor le portráid den Bhreitheamh McGuinness a tharraingt, mar cheiliúradh ar a raibh déanta aici do OÉ Gaillimh.

Bhí Catherine McGuinness ina Cathaoirleach ar Údarás na hOllscoile ar feadh ocht mbliana agus threoraigh sí an Ollscoil trí thréimhse shuntasach forbartha. Faoina stiúir, rinneadh athrú ó bhonn ar champais OÉ Gaillimh, cuireadh go leor áiseanna nua teagaisc agus taighde ar fáil, tháinig méaduithe suntasacha ar líon na mac léinn agus fás tapa ar fheidhmíocht agus ar phróifíl taighde na hOllscoile go hidirnáisiúnta. 

Agus é ag nochtadh an tsaothair ealaíne, thréaslaigh Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, a gairm bheatha agus a cuid abhcóideachta leis an mBreitheamh McGuinness.

“Léirítear sa phortráid seo cineáltas agus eagna Catherine McGuinness, tréithe a roinn sí linne in OÉ Gaillimh agus a léirigh sí ina saol agus ina gairm bheatha. In OÉ Gaillimh is mór againn ár gcuid luachanna - meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht. Is é an aidhm atá againn ná go mbeadh na luachanna sin dár dtreorú inár gcuid oibre mar phobal agus ar mhaithe le leas an phobail. Is mór an phribhléid é a bheith ag obair le duine ar léiriú cruthanta ar na luachanna sin a saol agus a gairm bheatha,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mBreitheamh McGuinness as an tacaíocht mheáite a thug sí agus as a léargas fíorluachmhar - an cineáltas agus an ghaois - nuair a bhí Údarás na hOllscoile faoina stiúir ar feadh blianta fada."

Bhí an méid seo le rá ag an mBreitheamh McGuinness: “Ba mhór an onóir é a bheith ag obair le OÉ Gaillimh agus cúnamh beag a thabhairt don dul chun cinn iontach atá déanta ag an Ollscoil le blianta beaga anuas. Is mór an onóir dom freisin aitheantas buan a bheith léirithe dom leis an bportráid seo. Táim buíoch díobh siúd ar fad a raibh sé d’ádh orm oibriú leo agus guím gach rath ar an ollscoil sa teagasc agus san fhoghlaim, sa saol acadúil agus sa taighde agus san obair ar son leas an phobail.”

Bhí an méid seo le rá ag an Dr Máire Geoghegan-Quinn, Cathaoirleach reatha Údarás na hOllscoile, OÉ Gaillimh: “Bhí taithí uathúil ag an mBreitheamh McGuinness agus í ag tabhairt faoina ról mar Chathaoirleach Údarás na hOllscoile. Bhain sí éachtaí amach ina gairm bheatha sular ceapadh í ar Údarás na hOllscoile. B’iarSheanadóir í agus bhí sí i mbun gníomhaíochais ar feadh a saoil. Rinne sí a cuid oibre go críonna mar Bhreitheamh sa Chúirt Chuarda, san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach. Cheap an tUachtarán Pádraig Ó hIrghile agus an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn araon í ina ball den Chomhairle Stáit. D’fheidhmigh sí ar an nGníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta, ar an bhFóram um Shíocháin agus Athmhuintearas agus bhí sí ina pátrún ar Chomhairle Teifeach na hÉireann.  Bhí taithí ar leith aici agus léirigh sí cumas breithiúnais ar leith agus í i ról an Chathaoirligh. Tá an Ollscoil faoi chomaoin aici as an obair agus an tiomantas a léirigh sí dá lán den fhorbairt atá déanta inti ó 2013 i leith.”

Tá Údarás na hOllscoile, Údarás Rialaithe OÉ Gaillimh, freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar ghnóthaí na hollscoile agus tá sé freagrach as rialachas iomlán na hOllscoile, de réir Acht na nOllscoileanna, 1997. Tugann sé ceannaireacht agus treoir straitéiseach leanúnach chun go n-éireoidh leis an Ollscoil a misean oideachais agus taighde a chur i gcrích.

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories