Seod-chartlann fhuaime an Iarthair á ceiliúradh ag OÉ Gaillimh ag Cúirt

Tomás Ó Máille (1880-1938). Grianghrafadóir: OÉ Gaillimh.
Mar 29 2022 Posted: 05:02 IST

Den chéad uair ó 1930 i leith, beidh seod-chartlann fhuaime de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh i lár an aonaigh ag Féile Idirnáisiúnta na Litríochta, Cúirt na Gaillimhe.

Beagnach céad bliain ó gabhadh iad ar fhiteáin céireacha, rinneadh na taifeadtaí i Leabharlann na hOllscoile a dhigitiú an samhradh seo caite le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Is taifeadtaí iad seo a chruthaigh Tomás Ó Máille (1880-1938), an chéad Ollamh le Gaeilge san Ollscoil. De bhunadh Dhúiche Sheoigheach, ceapadh Tomás ina ollamh i 1909 agus lean sé air sa ról go bhfuair sé bás go hanabaí in 1938.

Ceannródaí ab ea an Máilleach ar mhórán bealaí ach is suntasach go háirithe mar a dhírigh sé ar nua-theicneolaíocht a linne fhéin – an taifeadadh fuaime. Ag diriú ar bhéaloideas, amhráin, agus canúintí éagsúla, chruthaigh sé na céadta taifeadadh fuaime de chainteoirí Gaeilge as gach contae i gConnacht agus as an gClár. Freisin, chuidigh sé le bailitheoirí agus scoláirí eile taifeadtaí a chruthú, ina measc Wilhelm Doegen, stiúrthóir Roinn na Fuaime i Leabharlann na Prúise i mBeirlín.

Sa cheolchoirm seo mar chuid d'fhéile Cúirt, cuirfidh Deirdre Ní Chonghaile Tomás Ó Máille agus a shaothar i láthair, agus cloisfear blaiseadh beag dá thaifeadtaí. Freisin, déanfaidh triúr aíonna speisialta – Sarah Ghriallais, Mary Staunton agus Saileog Ní Cheannabháin – a leagan féin d’amhráin as cartlann an Mháilligh a chanadh.

Ag labhairt di roimh na hócáide uathúla seo, dúirt an Dr Ní Chonghaile: "Beidh an chartlann ina steillbheatha, beo ar ardán, agus na hamhráin a chruinnigh Tomás ar ais i mbéal an phobail. Tá ríméad orainn an deis seo a chruthú i gcomhpháirt le Cúirt agus Arts-in-Action. Seo ceiliúradh ar mhór-obair a rinne an Máilleach ag cruinniú saibhreas na n-ealaíon Gaeilge ó gach contae taobh thiar den tSionainn."

Le fortheidil i mBéarla, beidh An Chartlann Bheo - Animating the Archive ar siúl sa Taibhdhearc ar an gCéadaoin 6 Aibreán ag 1.00in. Tá sé saor in aisce ach ní mór ticéid a chur in áirithe: https://www.cuirt.ie/whats-on/an-chartlann-bheo-animating-the-archive/.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories