Déanann Ollscoil na Gaillimhe comhghairdeas le lucht na hArdteistiméireachta 2023

Aug 31 2023 Posted: 15:10 IST

Tá tairiscintí déanta ag Ollscoil na Gaillimhe do bheagnach 4,000 mac léinn ionchasacha mar chuid de Bhabhta a hAon de phróiseas an CAO.

Thug Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, agus an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, aitheantas don iarracht agus don éacht a rinne lucht na hArdteistiméireachta 2023, a tháinig slán trí bhlianta tábhachtacha na hiar-bhunscoile i rith Phaindéim Covid 19.

Chuir Ollscoil na Gaillimhe in iúl cad iad na hathruithe atá ar phointí an CAO i gceithre Choláiste na hOllscoile.

Don tríú bliain as a chéile agus tar éis bliain eile ina raibh éileamh níos airde ná riamh, a bheag nó a mhór, ar áiteanna ardoideachais, tá súil ag Ollscoil na Gaillimhe go mbeidh thart ar 3,500 mac léinn fochéime ag tosú sa chéad bhliain.

-      Tháinig ardú ar na pointí i mbeagnach leath de chúrsaí na hOllscoile.

-      Tá níos mó clár ag an Ollscoil sa raon a bhfuil 500 pointe ag dul leis ná mar atá i réimsí eile, agus tá gach clár Innealtóireachta agus Dlí, go háirithe, agus gach clár Tráchtála os cionn 500 pointe seachas ceann amháin.

-      Tá níos mó éilimh ar na Dána agus ar chúrsaí atá dírithe ar an gcruthaitheacht. Is léiriú é sin ar luach ár gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha leanúnacha oideachais le Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe agus Druid, agus ar Ghaillimh mar chathair agus mar ollscoil chruthaitheach. Ina measc seo tá Iriseoireacht; na Meáin Dhomhanda; Ceol; Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Taibhléiriú; Stair;

-      I réimse an Oideachais Múinteoirí, tá ardú 3 phointe ar na Dána (Matamaitic agus Oideachas) go 418; agus tá ardú 10 bpointe go 435 ar Oideachas (Ríomheolaíocht & Matamaitic), rud a léiríonn go bhfuil spéis ag daoine sa teagasc agus san oideachas. Is dea-thuar é sin do na glúnta atá le teacht agus don tsochaí. 

-      I gcúram sláinte, de bhrí go bhfuil teorainn leis an líon áiteanna atá ar fáil, is rogha randamach a bheidh sa Leigheas, in ainneoin titim bheag a bheith ar na pointí; tá méadú 10 bpointe tagtha ar na pointí don Chnáimhseachas go 463; agus tá titim bheag ar phointí an Altranais.

-      Tá méadú leanúnach ar an éileamh ar chláir i gColáiste Ósta na Sionna atá nasctha leis an earnáil bainistíochta fáilteachais, agus d’ardaigh na pointí ansin.

-      Maidir leis na heolaíochtaí, tá méadú suntasach 17 bpointe tagtha ar Mhuireolaíocht go 477; agus tá ardú 56 pointe go 566 ar Eolaíocht Mhatamaitice; ardú 14 phointe go 454 ar an bhFisic; agus tá ardú 11 go 521 ar phointí na Ríomheolaíochta agus na Teicneolaíochta Faisnéise.

-      Ní raibh ach clár amháin ann a raibh laghdú de níos mó ná 50 pointe air – Eolaíocht Chomhshaoil.

-      San Innealtóireacht, mhéadaigh ar an éileamh a bhí ar chúig cinn de na hocht gclár atá againn – Innealtóireacht Córas Fuinnimh, d’ardaigh na pointí go 520; Innealtóireacht Shibhialta, d’ardaigh na pointí go 512; Innealtóireacht Leictreonach agus Ríomhaireachta, d’ardaigh na pointí go 532; Innealtóireacht Leictreach agus Leictreonach, d’ardaigh na pointí go 510; agus Innealtóireacht (Neamhainmnithe), d’ardaigh na pointí go 533.

-      As na seacht gclár inar tháinig laghdú suntasach ar na pointí in 2022, mhéadaigh an t-éileamh ar chúig cinn díobh i mbliana – Na Dána le Cearta an Duine; Na Dána - Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Taibhléiriú; Na Dána leis an Iriseoireacht; Na Meáin Dhomhanda; Innealtóireacht Leictreonach agus Ríomhaireachta

-      Tháinig méadú ar na pointí a bhí ag dul le 30 clár ó 2022 agus tháinig laghdú ar na pointí i leith 30 clár eile.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Comhghairdeas le lucht na hArdteiste 2023 a léirigh go raibh an-teacht aniar iontu ina gcuid staidéir. Tá tús á chur le heachtra nua anois.

“Tá fáilte chroíúil roimh na mic léinn sin go léir a ghlacfaidh leis an tairiscint ar Ollscoil na Gaillimhe agus féadfaidh siad foghlaim faoina thábhachtaí atá na luachanna atá againn – meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht.”

Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh: “Tréaslaím le gach uile dhalta a bhfuil a gcuid oideachais iar-bhunscoile críochnaithe acu agus a rinne an Ardteistiméireacht in 2023. Is daltaí iad seo ar chuir Paindéim Covid 19 isteach go mór orthu.

“Tá obair iontach á déanamh arís ag ár bhfoireann clárúcháin in Ollscoil na Gaillimhe chun cuidiú leis na mic léinn a bheidh chugainn i mí Mheán Fómhair. 

“Cuirimid fáilte roimh gach duine ar éirigh leo sna scrúduithe agus atá ag glacadh leis an tairiscint teacht go hOllscoil na Gaillimhe.

“I lár an cheiliúrtha agus iarrachtaí na foirne a chinntiú go mbeidh áiteanna ann don oiread mac léinn agus is féidir tá súil againn freisin go dtapóidh an Rialtas an deis as seo go ceann bliana tosú ag tabhairt aghaidh ar cheist na ngrád méadaithe i scrúduithe na hArdteistiméireachta agus córas níos cothroime a chur i bhfeidhm do gach mac léinn atá ag cur isteach ar chláir fochéime.”

Críoch 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories