Scoláireacht Ghnó agus Eolaíochta nua á seoladh ag Ollscoil na Gaillimhe

John Byrne, Príomhfheidhmeannach Hygeia; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe; John Coyle, Cathaoirleach Hygeia; agus Maria O’Donnell, Bainisteoir Margaíochta, Hygeia. Creidiúint: Aengus McMahon.
Jul 17 2023 Posted: 12:58 IST

Hygeia chun tacú le mic léinn rochtain a fháil ar oideachas trí scoláireachtaí

Tá comhpháirtíocht nua fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe le Hygeia, ar príomh-mhonaróir Éireannach de tháirgí garraíodóireachta, talmhaíochta agus tréidliachta é, agus ar bhunaigh an Dr Donny Coyle i gCathair na Gaillimhe in 1939 é agus atá lonnaithe in Órán Mór anois.

Soláthrófar scoláireachtaí agus sparánachtaí Rochtana faoin gcomhpháirtíocht do mhic léinn nach bhfuil d’acmhainn acu rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéal ceal airgid. Beidh an chomhpháirtíocht deich mbliana oscailte do mhic léinn na hOllscoile trí chéile agus tacóidh sí le seirbhísí mac léinn maoiniú a bhronnadh ar mhic léinn a bhfuil cruatan á fhulaingt acu.

Áireofar le Scoláireacht Hygeia meantóireacht ó fhostaithe Hygeia faoina dtacófar le mic léinn forbairt go hacadúil agus go pearsanta chomh maith le deiseanna do shocrúcháin oibre agus intéirneachtaí le go sealbhóidh mic léinn scileanna luachmhara agus go bhfaighidh siad léargas dá ngairmeacha beatha sa todhchaí. 

            Agus é ag cur fáilte roimh an gcomhpháirtíocht, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is léiriú í an chomhpháirtíocht seo le Hygeia ar choincheap na Meithle a luaitear i bPlean Straitéiseach Ollscoil na Gaillimhe Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna, ar focal é a chuireann síos ar an gcleachtas faoinar tháinig daoine i gcabhair ar a chéile chun an fómhar a dhéanamh. Agus muid ag obair as lámha a chéile lenár gcomhpháirtithe tionscail, tá muinín againn go bhfuil ar ár gcumas Meitheal a thiomsú agus a threorú a rachaidh chun tairbhe an réigiúin, na tíre agus an domhain. Fáiltím ó chroí roimh an infheistíocht atá déanta ag Hygeia i gcomhpháirtíocht deich mbliana a thacóidh lenár gclár Scoláireachtaí Rochtana agus a chuirfidh ar chumas mic léinn a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéal. Tá Hygeia anseo inár dteannta anois agus muid ag feidhmiú ar son ár gcuid mac léinn, ár sochaí agus ar mhaithe le leas an phobail.”

            Labhair John Coyle, Cathaoirleach Hygeia, mar seo a leanas: “Tá Hygeia agus Ollscoil na Gaillimhe i mbun comhoibrithe le fada an lá, agus bhí ár saoráid lonnaithe in aice leis an gcampas le blianta fada. Táimid an-sásta tógáil ar an obair atá déanta againn i gcomhar a chéile san am a caitheadh agus an chomhpháirtíocht 10 mbliana seo á fógairt go hoifigiúil againn. Táimid ag tús ré nua don chomhlacht, agus údar spreagtha dúinn is ea é go ligeann na scoláireachtaí seo dúinn an chéad ghlúin eile oibrithe óga a bheith linn, ar acu a bheidh an t-eolas agus na scileanna chun tacú le fás agus nuálaíocht an chomhlachta.”

            Seo mar a labhair John Byrne, Príomhfheidhmeannach Hygeia: “Tá an-áthas ar Hygeia ár gclár scoláireachta nua a sheoladh. Éascóidh an tionscnamh nua seo forbairt leanúnach ár n-acmhainne eolais agus scileanna laistigh den eagraíocht agus cuideoidh sé le fás na n-earnálacha gnó mar atá, cúram gairdíní, cosaint barr agus cúram tréidliachta.  Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hOllscoil na Gaillimhe as a bhfuil déanta acu chun an clár seo a eagrú, ar clár é a rachaidh chun tairbhe na mac léinn, Hygeia agus na hOllscoile.”

            Dúirt Imelda Byrne, Ceann an Ionaid Rochtana in Ollscoil na Gaillimhe“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Hygeia as a dtabhartas flaithiúil do mhic léinn Rochtana Ollscoil na Gaillimhe. Táimid fíorbhuíoch as a dtacaíocht a chabhróidh lenár mic léinn rochtain a fháil ar an ollscoil, dul chun cinn a dhéanamh inti agus ar deireadh céim a bhaint amach.

“Tá sciartha faoi leith den daonra nach ndeachaigh ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal go traidisiúnta agus is as na grúpaí sin a thagann breis is 20% d’iontrálaithe nua na hOllscoile gach bliain anois. An aidhm atá againn san Ionad Rochtana cur leis an bhfigiúr iontrála sin bliain ar bhliain. Tá fianaise ann go ndéanann tacaíocht airgeadais difear an-mhór do mhic léinn agus iad ag féachaint le céim ollscoile a bhaint amach. Is mór an cúnamh dóibh siúd a fhaigheann é an maoiniú seo a bhfuil fáil air a bhuíochas lenár gcomhpháirtíocht le Hygeia; anuas air sin, rachaidh an mheantóireacht agus an cúnamh le forbairt phearsanta, ar bunghnéithe de na sparánachtaí iad, chun tairbhe go leor mac léinn faoi mhíbhuntáiste. Táimid an-bhuíoch as na caidrimh a bhíonn againn le deontóirí cosúil le Hygeia a thacaíonn le hobair an Ionaid Rochtana agus muid ag obair chun cur le rochtain ar an ardoideachas agus chun rannpháirtíocht a mhéadú dóibh siúd is mó a bhfuil an cúnamh de dhíth orthu.” 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories