Aistriúchán ar shaothar béaloidis le seoladh in Ionad Charna

Mar 08 2023 Posted: 14:21 GMT

Beidh fáilte mhór roimh an bpobal in Ionad Charna, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge nuair a sheolfar an saothar aistriúcháin Conamara Chronicles: Tales from Iorras Aithneach tráthnóna Dé Céadaoin an 14 Márta ag 7pm.

Is í an Dr Róisín Nic Dhonncha a sheolfaidh an t-aistriúchán a rinne Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson, nach maireann, ar Annála Beaga ó Iorrus Aithneach, bunaithe ar ábhar a thiomsaigh Seán Mac Giollarnáth ó scéalaithe agus seanchaithe Iorras Aithneach sna 1930idí.

Ba é an Gúm a chuir amach an saothar den chéad uair sa mbliain 1941 agus tá cáil mhór ar an téacs ó sin. Déantar trácht in imeacht 14 chaibidil ar na hoileáin, an drochshaol, corraíl pholaitiúil na linne, pearsana mór le rá, smuigléireacht, sagairt agus naoimh, báid agus bádóirí sna hAnnála Beaga. Is sna téacsanna seanchais seo a dhéantar buanú ar imeachtaí móra an phobail agus is é leagan na muintire ar a stair féin é.

Bronnfaidh muintir Sheáin Mhic Giollarnáth ábhar cartlainne breise le Seán Mac Giollarnáth ar an Ionad mar chuid den seoladh. Bronnadh 61 leabhar nótaí & téacsanna eile de chuid Sheáin Mhic Giollarnáth cheana ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus rinneadh clárú agus digitiú ar an ábhar seo mar chuid de mhórthogra taighde de chuid an Údaráis um Ard-Oideachas, PRTLI5. Tá taighdeoirí agus an pobal ag tarraingt ar an ábhar seo go leictreonach ón mbliain 2017 i leith. Tá sé i gceist an t-ábhar nua a bhronnfar a chur leis an mbailiúchán digiteach de réir a chéile.

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories