Oifigeach Sláine Acadúla ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe

An Dr Justin Tonra
Apr 06 2023 Posted: 10:33 IST

Tá Oifigeach Sláine Acadúla ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe den chéad uair. Tá an té sin freagrach as oideachas a chur ar an bhfoireann agus ar na mic léinn maidir le sláine acadúil, tacú le Comhairleoirí Sláine Acadúla, agus imscrúdú a dhéanamh ar chásanna mí-iompair acadúil.

Beidh an Dr Justin Tonra, léachtóir i nDisciplín an Bhéarla san Ollscoil, lárnach i gcur i bhfeidhm, i measúnú agus i bhfeabhsú an Pholasaí Sláine Acadúla agus na bpróiseas a bhaineann leis.

Leagadh amach sa Pholasaí Sláine Acadúla a cuireadh i bhfeidhm san Ollscoil i mí an Mheithimh 2022 an cód cleachtais chun déileáil le cásanna ina sáraíonn mic léinn sláine acadúil trí mhí-iompar acadúil.

Bhí an méid seo le rá ag an Dr Tonra: “Cé gur tharraing nithe a tharla le déanaí i réimse na hintleachta saorga aird ar an gceist, ba cheart go mbeadh mic léinn agus teagascóirí ar an airdeall i gcónaí faoi shláine acadúil. Is iad na prionsabail a bhaineann léi, macántacht, muinín agus freagracht atá ina gcrann taca ag an gcleachtas acadúil agus a chuireann bonn láidir faoi luach agus sláine oideachais ollscoile agus cáilíochtaí ollscoile. Tá deis againn anois aird phobal uile na hollscoile a dhíriú an athuair ar luachanna agus ar phrionsabail na sláine acadúla agus muid ag obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le teagasc agus foghlaim sa lá atá inniu ann.”

Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Is ceist ríthábhachtach í an tsláine acadúil don Ollscoil. Aithnítear go gcaithfidh institiúidí ardoideachais dul i ngleic le séitéireacht ar conradh, bradaíl, agus sláine na measúnuithe agus na hoibre acadúla ar bhealach comhordaithe agus córasach. Le feidhmiú an Pholasaí Sláine Acadúla agus le ceapachán an Dr Tonra, tá an Ollscoil ag léiriú a thiomanta atá sí maidir leis an fhoireann agus na mic léinn a oiliúint agus a chur ar an eolas maidir le dea-chleachtas acadúil.” 

Bhain an Dr Tonra PhD amach sa Bhéarla ó Ollscoil na Gaillimhe in 2010. D’oibrigh sé mar Léachtóir i nDisciplín an Bhéarla ó 2016 i leith. Bhí poist aige roimhe sin in University College London agus in University of Virginia. Baineann a chuid spéiseanna taighde leis an litríocht agus an teicneolaíocht agus tá obair déanta aige i réimsí na ndaonnachtaí digiteacha, stair na leabhar, staidéar ar théacsúlacht agus ar bhibleagrafaíocht, eagarthóireacht léannta, agus filíocht agus ealaín na filíochta.

Tá sé ar dhuine den dream a bhunaigh Cumann na nDaonnachtaí Digiteacha idir an Ríocht Aontaithe agus Éire, agus bhí sé ina Chomhordaitheoir Náisiúnta do DARIAH-Ireland. Bhí sé i gceannas ar ghrúpaí oibre do thionscadail atá maoinithe ag an Choimisiún Eorpach ar an Chianléitheoireacht (COST Action) agus ar an Léann Liteartha Ríomhaireachtúil (Fís 2020).

In Ollscoil na Gaillimhe, is é an Stiúrthóir Cúrsa reatha é ar an MA Literature and Publishing agus roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir ar an PhD Struchtúrtha in Digital Arts and Humanities. Tá sé ina bhall freisin den Chomhairle Acadúil agus de Choiste Feidhmiúcháin Institiúid de Móra.

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories