Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh ranganna 2020 agus 2021

Mar 08 2023 Posted: 11:21 GMT

Cuirtear fáilte ar ais roimh chéimithe chuig an gcampas chun éachtaí acadúla le linn Covid a cheiliúradh

 Tá pleananna fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe ina gcuirfear fáilte roimh bheagnach 1,000 céimí ó ranganna 2020 agus 2021 chuig an gcampas thar thrí lá le haghaidh imeachtaí speisialta ceiliúrtha.

Beidh na himeachtaí ar siúl ón 14-16 Márta 2023. 

Tá na himeachtaí á reáchtáil go speisialta do chéimithe a chríochnaigh a gcuid staidéir in 2021 agus ar cuireadh a searmanas bronnta céime geimhridh ar athló agus do chéimithe a chríochnaigh a gcuid staidéir in 2020 agus ar bronnadh a gcéim orthu in absentia mar gheall ar shrianta sláinte poiblí na paindéime.

Ag labhairt dó roimh na searmanais bhronnta, dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Ag breathnú siar le blianta beaga anuas agus ar an taithí a bhí ag ár gcuid mac léinn ar an bpaindéim, tá a fhios againn go bhfuil moladh mór tuillte acu as a mbuanseasmhacht agus an méid a bhain siad amach nuair a bhí éiginnteacht rompu. Is cinnte go bhfuil siad ullmhaithe go maith do dhúshláin an tsaoil amach rompu! Agus muid ag smaoineamh ar ár luachanna mar atá meas agus barr feabhais, ba mhaith liom ár gcéimithe go léir ó 2020 agus 2021 a mholadh as bheith i mbun léinn fad a bhí an phaindéim ann, agus comhghairdeas a dhéanamh leo as a bhfuil bainte amach acu.  Is oth linn nach raibh muid in ann ceiliúradh a dhéanamh níos luaithe agus ar bhealach níos foirmiúla mar gheall ar an bpaindéim. Tá súil againn, áfach, gur laethanta ceiliúrtha a bheidh anseo do theaghlaigh agus do chairde, agus deis d’Ollscoil na Gaillimhe aitheantas a thabhairt dóibh agus don mhéid atá bainte amach acu. Gabhaimid buíochas leo as fanacht linn agus as bheith linn ar na laethanta seo agus as seo amach.”   

Deir an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Tá cúpla bliain thar a bheith aisteach curtha dínn againn agus tá sé cruthaithe ag ranganna 2020 agus 2021 gur daoine speisialta agus diongbháilte iad de bhrí go raibh siad in ann a gcuid staidéir a chríochnú agus céim a bhaint amach le linn tréimhse a bhí lán le héiginnteacht inar cuireadh isteach go mór orthu. Thar ceann Ollscoil na Gaillimhe, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na céimithe ar fad as a gcuid oibre crua agus an éacht atá déanta ag gach duine acu.”

Tabharfaidh na hócáidí ceiliúrtha aitheantas do na céimithe sin a rinne cláir fochéime, iarchéime agus PhD i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí, Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte agus Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh.

Tá sceideal iomlán na hócáide ceiliúrtha ar fáil ag https://www.universityofgalway.ie/conferring 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories