Ceannairí cathartha tagtha le chéile chun Cairt Mhórcheantar na Gaillimhe a shíniú

(ó chlé ina shuí):Dermot Nolan, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe; an Comhairleoir Eddie Hoare, Méara Chathair na Gaillimhe; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe agus an Dr Orla Flynn; Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. (ó chlé ina seasamh): Kenny Deery, Príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála na Gaillimhe; Jas Atwal, Cathaoirleach an Acadaimh Uirbigh; Kevin Murray, Údar; Charlotte Sheridan, Uachtarán RIAI; Patricia Philbin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; agus Kathryn Meghen, Príomhfheidhmeannach an RIAI. Grianghraf - Andrew Downes/Xposure.
Oct 24 2023 Posted: 10:21 IST

Tá daoine a bhfuil suim acu i bhforbairt an réigiúin á spreagadh chun machnamh a dhéanamh tacú le fís don todhchaí  

 

Tá Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Gaillimh) tagtha le chéile le Méara Chathair na Gaillimhe agus le Cumann Tráchtála na Gaillimhe chun Cairt Mhórcheantar na Gaillimhe a fhógairt agus a shíniú – forógra do smaointeoireacht straitéiseach agus don phleanáil fhadtéarmach don réigiún.

Tá dhá phríomhchuspóir ag Cairt Mhórcheantar na Gaillimhe: 

  • Ar an gcéad dul síos, léirítear sa Chairt na luachanna a chinnteodh go bhféadfaí cathair inbhuanaithe, chuimsitheach, a bhfuil teacht aniar inti agus atá bródúil a bheith againn i gCathair na Gaillimhe sna 50 bliain atá romhainn.
  • Ar an dara dul síos, is forógra atá ann do gach cathair a dteastódh uathu cruthú áite atá faoi threoir físe a chur i gcroílár a gcuid smaointeoireachta agus a gcuid pleanála straitéisí go fadtéarmach.

Tá Cairt Mhórcheantar na Gaillimhe beartaithe mar cháipéis oibre, bheo, cáipéis a chuideodh chun comhráite trasphobail a spreagadh faoin gcineál cathrach agus áiteanna a theastaíonn ó na sínitheoirí do Ghaillimh faoi 2070, agus ina luafar na céimeanna a chaithfear a thógáil inniu chun an fhís 50 bliain sin a bhaint amach.

Is é an tAcadamh Uirbeach a chuir an cháipéis ar fáil le tacaíocht ó Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann. Is féidir an cháipéis a léamh agus tacú léi ar láithreán gréasáin an Acadaimh Uirbigh - https://www.theaou.org/resources/the-greater-galway-charter

Is féidir le gach duine ar spéis leo treo forbartha na Gaillimhe sa todhchaí, agus aon duine a bhfuil a chroí sa chathair amach anseo, clárú le tacaíocht a thabhairt don Chairt agus a bheith gníomhach sa chomhrá.

Seoladh an Chairt ag searmanas speisialta in Eaglais Choláisteach San Nioclás, áit ar thit nithe thar a bheith tábhachtachta amach i stair chathair na Gaillimhe le hocht gcéad bliain anuas. Tá an Chairt bunaithe ar thraidisiún seanbhunaithe na gcairteacha pleanála agus dearaidh, Cairt Freiburg 2012 san áireamh, cairt a luaitear le claochlú na cathrach i réigiún na Foraoise Duibhe sa Ghearmáin, á dhearbhú mar cheannaire domhanda i bpleanáil agus i ndearadh uirbeach inbhuanaithe, pobal-lárnach. 

Ba iad na sínitheoirí tosaigh Méara Chathair na Gaillimhe, Comhairleoir Fhine Gael Eddie Hoare; Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh; Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, an Dr Orla Flynn; agus Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Dermot Nolan.

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Eddie Hoare: “Is deis iontach é síniú Chairt na Gaillimhe le haghaidh plé agus rannpháirtíocht an phobail i ndáiríre a chinntiú maidir leis na dúshláin atá romhainn agus an deis uathúil atá againn anseo i gcathair na Gaillimhe.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Nuair a bhí mise ag fás aníos, thabharfadh muid ‘an baile mór’ ar Ghaillimh. Is cathair í Gaillimh anois. Leagtar amach bunfhealsúnacht agus fís don todhchaí sa Chairt seo chun fás na Gaillimhe sa todhchaí a threorú, faoina ndéanfar cur agus cúiteamh, agus cinnteoidh an Chairt pointe cinniúna don ‘Uirbeacht Inbhuanaithe’ ar féidir lenár gcathair a thabhairt le chéile. Táim thar a bheith bródúil go bhfuilim páirteach, in éineacht le daoine eile, sa dréacht seo den todhchaí, don todhchaí.”

Labhair an Dr Orla Flynn ar aidhm Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh chun leas a bhaint as láidreachtaí comhchoiteanna, go háirithe san ailtireacht agus sa timpeallacht thógtha inbhuanaithe, agus deir: “Is bealach nua chun cinn í Cairt Mhórcheantar na Gaillimhe do Chathair na Gaillimhe agus táim ag súil go mbeidh páirt ghníomhach ag pobal an ATU lena cur i gcrích.”

Labhair Dermot Nolan ar thiomantas fadtéarmach an Chumainn Tráchtála d’fhís den chathair, agus deir: “Creid uaimse é nuair a deirim nach mbeidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe, a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal gnó, ag luí ar na maidí maidir le conas is féidir linn leanúint ar aghaidh ag tacú leis na huaillmhianta atá leagtha amach sa Chairt seo agus iad a bhrú chun cinn don todhchaí.”

Shínigh Cathaoirleach an Acadaimh Uirbigh, Jas Atwal agus Uachtarán Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann, Charlotte Sheridan an Chairt chomh maith.

Forbraíodh agus tugadh chun críche an cháipéis seo faoi choimirce Fhóram Mhórcheantar na Gaillimhe. D’eascair téamaí na Cairte ó shraith ceardlann agus comhráite poiblí a eagraíodh le linn na Féile Ailtireachta Ar an Imeall i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus a d’éascaigh an tAcadamh Uirbeach agus Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann.

Tá sé beartaithe borradh a chur faoi chomhráite leathan trasphobail faoin gcineál cathrach ar mian le muintir na Gaillimhe go bhforbrófaí amach anseo, dá gclann agus do chlann a gclainne sin arís. 

Tá sé mar aidhm leis an gCairt freisin plé den chineál céanna a spreagadh i mbailte agus i gcathracha eile a mbeadh iarrachtaí ar bun iontu breis tithíochta a sholáthar i gcomharsanachtaí sábháilte, cuimsitheacha agus a bheadh íseal ó thaobh an charbóin.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories