Oíche oscailte iarchéime Ollscoil na Gaillimhe

Oct 31 2023 Posted: 12:31 GMT

Beidh oíche oscailte iarchéime Ollscoil na Gaillimhe ar siúl ar an gcampas Dé Máirt, an 7 Samhain 2023 ó 4-7pm i Halla Bailey Allen, Áras na Mac Léinn.

 

Beidh níos mó ná 200 cúrsa iarchéime á dtairiscint ag oíche oscailte Ollscoil na Gaillimhe idir na Daonnachtaí, Gnó, Dlí, Innealtóireacht, Eolaíocht agus Ríomheolaíocht, Altranas, agus Leigheas agus na hEolaíochtaí Sláinte. Is imeacht tábhachtach é seo dóibh siúd ar mian leo a scileanna a leathnú, a réimsí saineolais a bheachtú, a saineolas a mhéadú agus, ar deireadh thiar, a ndeiseanna fostaíochta a fheabhsú.

Beidh eolas le fáil faoi na cláir iarchéime lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá á dtairiscint, lena n-áirítear máistreachtaí múinte agus taighde, agus roghanna taighde dochtúireachta. Tá roghanna foghlama solúbtha, ar líne agus cumaisc ar fáil freisin. 

Beidh cuid den fhoireann acadúil ar fáil chun bualadh le mic léinn ionchasacha chun deiseanna staidéir, riachtanais iontrála agus cosáin ghairme a phlé agus beidh cuid den fhoireann tacaíochta iarchéime ar fáil chun cíoradh a dhéanamh ar iarratais, iontrálacha, scoláireachtaí agus táillí. 
 

Mar chuid den fhócas straitéiseach atá ag Ollscoil na Gaillimhe maidir le haitheantas a thabhairt do bharr feabhas agus do rathúlacht, tá mic léinn de chuid an AE a bhfuil céadonóracha bainte amach acu ina mbunchéim i dteideal iarratas a dhéanamh ar scoláireacht €1,500 i dtreo a gcúrsa máistreachta múinte san Ollscoil. Is féidir le cuairteoirí chuig an imeacht tuilleadh eolais a fháil faoi seo agus faoi scéimeanna scoláireachta eile, mar aon le heolas faoi tháillí, maoiniú, gairmeacha agus infhostaitheacht ag ár bplé painéil ar dheiseanna iarchéime a bheidh ar siúl ag 4:15pm. Tabharfaidh an Déan Staidéir Iarchéime, an tOllamh Donal Leech, caint ina dhiaidh sin ar dheiseanna do staidéir iarchéime agus ar an gcaoi PhD a mhaoiniú ag 5pm.

Ag labhairt di faoin imeacht seo, dúirt Valerie Leahy, Oifigeach Earcaíochta Iarchéime, Ollscoil na Gaillimhe: “Molaimid go háirithe do chuairteoirí atá ag smaoineamh ar fhilleadh ar staidéar ollscoile freastal ar ár Lá Oscailte Iarchéime. I gcás beagnach leath díobh siúd a chuireann isteach ar ár gcúrsaí iarchéime ní céimithe iad atá díreach tar éis céim a bhaint amach, tá siad ag filleadh ar an staidéar nó ag tabhairt faoi uas-sciliú dá bpoist reatha.

“Tá luach cáilíochta iarchéime cruthaithe i dtéarmaí infhostaitheachta agus dul chun cinn gairme a fheabhsú, tuilleamh saoil a mhéadú, scileanna inaistrithe luachmhara a fhoghlaim a bhfuil meas ag fostóirí orthu, agus cuireann go leor dár gcúrsaí deiseanna socrúcháin agus intéirneachtaí ar fáil freisin.”

Moltar áit a chur in áirithe roimh ré agus is féidir é sin a dhéanamh ag www.universityofgalway.ie/postgraduate-open-day

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories