Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí nua ceaptha in Ollscoil na Gaillimhe

Tá ceapachán an Ollaimh Peter McHugh mar an chéad Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí eile fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint – Martina Regan.
Oct 26 2023 Posted: 12:28 IST

Tá sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe inniu go bhfuil an tOllamh Peter McHugh ceaptha mar an chéad Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí eile.

Deimhníodh go nglacfadh an tOllamh McHugh leis an ról ón 1 Bealtaine 2024 ag cruinniú d’Údarás na hOllscoile, arb é Údarás Rialála na hOllscoile é. 

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh cheapachán an Ollaimh Peter McHugh mar an chéad Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí eile. Ní amháin go bhfuil an-eolas agus taithí ag Peter agus tuiscint dhomhain ar ár nOllscoil agus ar a pobal aige, ach tá cur amach aige freisin ar an tírdhreach ardoideachais sa bhaile agus thar lear.

“Ba mhaith liom freisin an deis a thapú inniu buíochas a ghabháil leis an Ollamh Pól Ó Dochartaigh as an obair atá déanta aige ar mhaithe le hOllscoil na Gaillimhe ó thosaigh sé sa phost in 2014 agus as a dhúthracht do chaighdeáin acadúla agus do theagasc agus d’fhoghlaim dár bpobal mac léinn, chomh maith le saincheisteanna oideachais a bhaineann leo siúd a dhéanann an Ardteistiméireacht agus leo siúd a fhaigheann rochtain ar ardoideachas trí chonairí eile.”

Dúirt an tOllamh McHugh: “Is mór an onóir agus pribhléid dom a bheith ceaptha sa ról ceannaireachta tábhachtach seo in Ollscoil na Gaillimhe, arb í mo alma mater í. Tá an-díograis agam dár nOllscoil agus féachfaidh mé le cinntiú go n-éiríonn thar cionn léi sa todhchaí. Creidim gur tréimhse iontach í seo le bheith ag obair nó ag staidéar in Ollscoil na Gaillimhe, mar go bhfuil an oiread sin buntáistí againn: campas álainn i gcathair bhríomhar, daonra mac léinn iontach agus foireann den scoth. Tá mé ag súil go mór oibriú leis an Uachtarán agus leis an bpobal ollscoile trí chéile ar fhás leanúnach agus ar fhorbairt dhearfach na hinstitiúide iontaí seo.”

Is Ollamh Bunaithe le hInnealtóireacht Bhithleighis é an tOllamh McHugh agus is comhalta dáimhe den Ollscoil é ó 1991 i leith. Tá tréimhsí caite aige roimhe seo mar Dhéan ar Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice, mar Cheann Scoile na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice, agus mar Cheann Scoile na hInnealtóireachta. 

Bhain an tOllamh McHugh céim chéadonóracha amach in Innealtóireacht Mheicniúil in Ollscoil na Gaillimhe, agus céim Mháistreachta agus PhD in Ollscoil Brown, Rhode Island, Meiriceá. Tá Dochtúireacht le hEolaíocht faighte aige ó Ollscoil na hÉireann chomh maith as a bhfuil foilsithe aige. 

Thosaigh an tOllamh McHugh ag obair le foireann teagaisc na hOllscoile in 1991. Tá sé ina Ollamh Bunaithe le hInnealtóireacht Bhithleighis ó 2007 agus bhí sé ina Dhéan agus ina Cheann Scoile ar Scoil na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice ó 2016 go 2019 agus ina Cheann Scoile ar Scoil na hInnealtóireachta ó 2019 go 2021. 

Bhí sé ina cheannródaí i bhforbairt na hinnealtóireachta bithleighis in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus ba é Stiúrthóir bunaidh an Ionaid Taighde Bithmheicnice (BioMEC) in Ollscoil na Gaillimhe é. 

Tá aitheantas idirnáisiúnta tuillte ag an Ollamh McHugh mar cheannaire taighde san innealtóireacht bhithleighis agus cuid mhór taighde déanta aige ar bhunfhorbairtí agus ar fheidhmeanna modhanna ríomhaireachtúla agus turgnamhacha sa bhithmheicnic, i meicnic fíochán agus in ionchlannáin agus feistí leighis. 

Tá teist foilseachán shuntasach aige agus áirítear léi 177 alt piarmheasúnaithe in irisleabhair acadúla, 10 gcaibidil leabhair agus breis agus 350 foilseachán comhdhála. Tá stiúrthóireacht déanta aige ar 33 mac léinn PhD agus ar 23 mac léinn máistreachta taighde. Tá breis agus €14m i maoiniú taighde ginte aige ó fhoinsí náisiúnta, AE agus ón earnáil tionsclaíochta, agus tá comhpháirtíochtaí taighde gníomhacha aige le ceannairí idirnáisiúnta sa réimse san Eoraip agus i Meiriceá.

I measc na spéiseanna teagaisc atá aige, tá modhanna ríomhaireachtúla san innealtóireacht bhithleighis agus mheicniúil, anailís agus dearadh feistí leighis, agus an bhithmheicnic. Tá sé an-tiomanta don oideachas ag leibhéal na céime agus na hiarchéime araon, agus bhí ról lárnach aige i bhforbairt cláir fochéime agus iarchéime na hOllscoile i réimse na hinnealtóireachta bithleighis.

Faoina stiúir mar Cheann Scoile, d’fhorbair Scoil na hInnealtóireachta a plean gníomhaíochta don chomhionannas inscne, agus de bharr na réamhoibre seo, bhain an scoil Gradam Airgid Athena SWAN amach anuraidh, arb í an chéad Scoil Innealtóireachta in Éirinn í ar éirigh léi déanamh amhlaidh.

Tá lear mór gradam bronnta air féin, agus san áireamh leo sin tá ballraíocht d’Acadamh Ríoga na hÉireann (2011), Bonn Airgid Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn – an Rannóg Bithinnealtóireachta (2011), Ainmní an Uachtaráin do Chomhaltacht Innealtóirí na hÉireann (2009), comhaltacht d’Acadamh Innealtóireachta na hÉireann (2019) agus Comhaltacht Alexander von Humboldt (1995). 

Tá tréimhsí caite aige chomh maith i róil oifigigh in Acadamh Ríoga na hÉireann, arb é an ról is déanaí a bhí aige Rúnaí ar Pholasaí agus Caidrimh Idirnáisiúnta, áit a raibh sé ina ionadaí Éireannach do roinnt eagraíochtaí acadúla idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhairle Chomhairleach Eolaíochta Acadaimh na hEorpa (EASAC). 

Críoch 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories