Ceardlann scéalaíochta le Máirín Mhic Lochlainn

Máirín Mhic Lochlainn, Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta in Ollscoil na Gaillimhe
Sep 18 2023 Posted: 12:55 IST

Cuirfidh Máirín Mhic Lochlainn, Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta, tús leis an dara sraith de cheardlanna scéalaíochta in Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe. 

 

Tá na cúig ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách. Beidh na ceardlanna ar siúl Dé Céadaoin ag 7pm, ag tosnú ar 27 Meán Fómhair, in Ionad Léann na hÉireann ar Bhóthar na Drioglainne, Ollscoil na Gaillimhe.

 

Ceapadh Máirín mar Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta in Ollscoil na Gaillimhe i mí Eanáir 2023. Tá sí tiomanta chun ceird na scéalaíochta a fhorbairt agus cleachtadh aici ar cheardlanna scéalaíochta a stiúradh ar fud na hÉireann. Ba aoi speisialta í ag an bhFéile Idirnáisiúnta Scéalaíochta ar Oileán Chléire i mbliana. 

 

Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Louis de Paor, Stiúrthóir Ionad Léann na hÉireann: “Tá Máirín i measc na n-ealaíontóirí is cumasaí dá bhfuil ag plé leis na healaíona béil in Éirinn. Is deis iontach é seo mar sin d’éinne a bhfuil suim acu sa scéalaíocht dúchais.”

 

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon, agus Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

 

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 512428 nó samantha.williams@universityofgalway.ie

 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories