Seomra Ilchéadfach do Mhic Léinn á Sheoladh in Ollscoil na Gaillimhe

ó chlé: Izzy Tiernan, Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais, Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe; Adam Harris, Bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach AsIAm, carthanas náisiúnta uathachais na hÉireann; agus Helen Maher, Leas-Uachtaráin Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe Ollscoil na Gaillimhe. Grianghraf: Martina Regan
Sep 05 2023 Posted: 15:35 IST

Is é Adam Harris, bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach AsIAm, arb é carthanas uathachais náisiúnta na hÉireann é, a d’oscail Seomra Ilchéadfach nua Ollscoil na Gaillimhe go hoifigiúil inniu, agus é de chuspóir ag an seomra nua go mbeidh an campas níos cuimsithí agus níos báúla dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le próiseáil chéadfach.

Chuathas i gcomhairliúchán le mic léinn agus le sainchomhaltaí foirne le linn don Seomra Ilchéadfach a bheith á dhearadh, agus i gcomhar le hailtire, agus i measc an trealamh atá ann tá soilsiú idirghníomhach agus comhtháite, agus éifeachtaí físe, crithfhuaime agus fuaime. Fágann na gnéithe sin gur timpeallacht í ina gcuirtear eispéireas céadfach atá idir thumthach agus inoiriúnaithe ar fáil do mhic léinn. 

Dearadh an seomra le bheith ina spás sábháilte féinrialála do mhic léinn ina mbeidh siad in ann a dtimpeallacht chéadfach a choigeartú. Beidh úsáideoirí in ann rogha a dhéanamh idir raon comhtháite soilse agus socruithe fuaime agus crithfhuaimíochta, idir shuaimhneach agus spreagúil. Beidh siad in ann freastal a dhéanamh ar an gcaoi sin ar a gcuid riachtanas céadfach féin agus a scíth a ligean ar throscán compordach. Tá feistis bhog agus míreanna céadfacha a thugann faoiseamh ó strus sa seomra chomh maith, rud a chuireann ar chumas na mac léinn iad féin a rialáil agus tacú lena rannpháirtíocht i saol an choláiste.

 

Bhí an méid seo le rá ag Adam Harris, Bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach AsIAm, carthanas náisiúnta uathachais na hÉireann:“Tá bacainní le sárú acu siúd a bhfuil uathachas orthu, agus ag daoine néar-éagsúla eile, agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar oideachas. Is minic nach bhfuil na deacrachtaí sin infheicthe do dhaoine eile ach cuireann siad bac ar ár bpobal na deiseanna céanna a thapú. Tá diagnóis an Uathachais faighte ag 3.38% de leanaí scoile an lae inniu agus méadú suntasach tagtha freisin ar líon na ndaoine fásta atá ag dul faoi mheasúnú. Tá sé chomh tábhachtach go mbeadh rochtain ag ár bpobal ar na hinstitiúidí ardoideachais agus nach gcuirfeadh bacainní comhshaoil srian ar mhic léinn ó bheith rathúil ná ó chion a dhéanamh do shaol na hinstitiúide. Tá an-áthas ar AsIAm, Carthanas Náisiúnta Uathachais na hÉireann, a bheith ag obair le hinstitiúidí ardoideachais ar fud na tíre mar chuid dár nGradam HEI do na hinstitiúidí sin atá báúil don uathachas. Déanaimid comhghairdeas ó chroí le hOllscoil na Gaillimhe as a spás céadfach a sheoladh - níl aon dabht ach go dtacóidh an infheistíocht seo le níos mó mic léinn rochtain a fháil ar an Ollscoil, go ndéanfaidh sí saibhriú ar eispéireas iad siúd atá cláraithe cheana féin agus go bhfeidhmeoidh sí chomh maith mar uirlis oideachais don champas trí chéile maidir le héagsúlacht a thuiscint, agus glacadh léi.”

Dúirt Helen Maher, Leas-Uachtaráin Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe Ollscoil na Gaillimhe:  “'Tosaíocht don Ollscoil is ea an chuimsitheacht le go mbeidh deiseanna agus riochtaí atá cothrom do chách, agus táimid dírithe ar chúnamh a thabhairt dóibh siúd is mó a dteastaíonn sé uathu. Gné amháin d’iarrachtaí Ollscoil na Gaillimhe ar bhonn níos leithne is ea an spás seo chun freastal ar mhic léinn a bhfuil riachtanais bhreise acu, agus an campas a dhéanamh níos inoiriúnaithe dóibh.

“Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh eispéireas taitneamhach agus dearfach ag ár mic léinn anseo in Ollscoil na Gaillimhe, agus féachadh go sonrach don inrochtaineacht agus do rannpháirtíocht mac léinn nuair a bhí an spás seo a dhearadh. Tá Ollscoileanna in ann a bheith ina dtimpeallachtaí plódaithe agus callánacha, rud atá in ann cur isteach ar chúrsaí foghlama agus oibre, go mór mór do mhic léinn néar-éagsúla. An aidhm atá ag an Seomra Ilchéadfach nua spás sábháilte a chur ar fáil do mhic léinn inar féidir leo a scíth a ligean agus a gcéadfaí a spreagadh ar bhealach rialaithe.”

Áirítear oscailt an tseomra ilchéadfaigh in Áras Dán na Mílaoise leis an réimse tionscadal, idir faoi dhíon agus faoin aer, a dearadh chun spásanna a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le próiseáil chéadfach agus chun campas níos cuimsithí a chruthú.

 

I measc na tionscadail atá curtha i bhfeidhm cheana féin sa chomhthéacs sin, tá Spás Céadfach Cubbie, ar spás sábháilte ilchéadfach é do mhic léinn agus don fhoireann; tabhairt isteach an Chárta JAM© a ligeann dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu insint do dhaoine eile go dteastaíonn nóiméad uathu; faighneoga staidéar lasmuigh; gairdín céadfach; seomra scíthe; agus togra ina ndearnadh inrochtaineacht cosán agus foirgneamh a mhapáil.

 

Seo mar a labhair Imelda Byrne, Ceann an Ionaid Rochtana in Ollscoil na Gaillimhe: “Fágann seoladh an tseomra ilchéadfaigh nua go bhfuil céim thábhachtach eile tógtha ag Ollscoil na Gaillimhe agus an tiomantas leanúnach atá déanta aici timpeallacht campais cuimsitheach a chruthú dá cuid mac léinn éagsúil á chomhlíonadh aici. Bhí breis agus 1,600 mac léinn cláraithe le haghaidh tacaíochta le seirbhís tacaíochta míchumais an Ionaid Rochtana sa bhliain acadúil 2022/23. Spás sábháilte tábhachtach is ea an seomra ilchéadfach nua dár mic léinn néar-éagsúla agus cinntíonn forbairtí cosúil leis seo go bhfuil na tacaíochtaí seo ina gcuid de thimpeallacht thógtha na hOllscoile.

 

Dúirt Izzy Tiernan, Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais, Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe: “Is cinnte go mbainfidh mic léinn néar-éagsúla, agus mic léinn na hollscoile trí chéile, an-leas as an seomra ilchéadfach nua in Áras Dán na Mílaoise. Is minic nach leagtar suntas sa ghnáthshaol ar riachtanais iad siúd atá néar-éagsúil agus is den riachtanas é go mbeadh spásanna sábháilte, ciúine agus inrochtana ar fáil do mhic léinn a bhfuil cumais éagsúla acu má tá uainn timpeallacht campais cuimsitheach a chruthú. Is duine le huathachas mé féin agus atá mé ag súil go mór leas a bhaint as an spás nua agus sos beag a bheith agam i rith an lae le go mbeidh deis agam mo mhothúcháin a rialú agus m’intinn a shuaimhniú, rud a fhágfaidh go ndéanfar an chuid eile den lá níos éasca orm.”

 

Fuair tionscadal an tseomra ilchéadfach tacaíocht ó scéim Tionscadail Straitéisigh (2022-23) an Chiste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas (FSD) de chuid an Údaráis um Ard-Oideachas agus ó scéim mhaoinithe Chéim 1 de PATH 4 an ÚAO.

 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories