Tá Ollscoil na Gaillimhe rangaithe sa 100 Ollscoil is fearr i gcéad rangú Eorpach QS

Sep 20 2023 Posted: 10:21 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe sa 50 is Fearr maidir le hInbhuanaitheacht freisin

 

Tá Ollscoil na Gaillimhe ainmnithe mar cheann de na hOllscoileanna is fearr san Eoraip, de réir Ranguithe Ollscoile QS an Domhain: An Eoraip 2024.

Seo an chéad uair a ndearnadh rangú Eorpach agus tháinig Ollscoil na Gaillimhe sa 98ú áit as 690 institiúid i 42 suíomh ar fud na hEorpa.

Rangaíodh Ollscoil na Gaillimhe freisin i rangú QS na hEorpa de na 50 ollscoil is fearr maidir le hInbhuanaitheacht, agus an nuacht sin ag teacht ar na sála ar an bhfógra gur ainmnigh Ranguithe Tionchair Times Higher Education (THE) an Ollscoil seo mar an ollscoil is fearr in Éirinn, agus i measc na 50 ollscoil is fearr ar domhan, as dul chun cinn a bheith déanta i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) níos luaithe i mbliana.

D’ainmnigh Rialtas na hÉireann Ollscoil na Gaillimhe mar churaidh náisiúnta SDG i mí Bealtaine, agus an tseachtain seo tá a céad Seachtain Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe á óstáil ag an Ollscoil a bhfuil sé mar aidhm léi feasacht, rannpháirtíocht agus gníomhartha a spreagadh féachaint le cabhrú le baint amach 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá pobal agus cultúr na hollscoile le moladh go hard as bheith rangaithe i measc na 100 ollscoil is fearr san Eoraip sa chéad rangú QS seo agus as an gcéad áit a bhaint amach in Éirinn maidir le hinbhuanaitheacht sna Ranganna Tionchair THE. Léiriú atá ann den iarracht leanúnach a dhéantar ar fud na hOllscoile a bheith ina hollscoil ar mhaithe le leas an phobail, agus muid dílis dár luachanna, mar atá meas, barr feabhais, oscailteacht agus inbhuanaitheacht. Táimid meáite, ón áit seo agus ar mhaithe leis an áit seo, cur lenár gclú agus ár dtionchar, agus muid ag freastal ag an am céanna ar ár gcuid mac léinn agus ár bpobal. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár mic léinn agus lenár bhfoireann as a gcuid oibre crua agus a dtiomantas, agus lenár gcuid alumni as a bheith ina n-ambasadóirí den scoth.”

Tá tuilleadh eolais ar na Ranguithe Ollscoile QS: An Eoraip 2024 ar fáil ag www.topuniversities.com/europe-university-rankings.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories