Ainm dlíthiúil na hOllscoile deimhnithe ag an Aire Harris

Feb 27 2024 Posted: 10:00 GMT

Tá ainm dlíthiúil nua Ollscoil na Gaillimhe fógartha go foirmeálta anois – Ollscoil na Gaillimhe a bheidh uirthi i nGaeilge, agus University of Galway i mBéarla.

Dheimhnigh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris T.D., an t-athrú le hordú tar éis athbhrandáil a tharla in 2022.

Tháinig éifeacht leis an ainm dlíthiúil nua Dé Céadaoin, an 21 Feabhra 2024 agus fógraíodh inniu é trína fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Rialtais.

D’fhógair Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, an t-athrú i dteachtaireacht chuig an bhfoireann: “Tá an-áthas orm a bheith in ann an nuacht a roinnt libh go bhfuil athrú tagtha ar ainm dlíthiúil na hOllscoile agus is mian liom aitheantas a thabhairt don tacaíocht a thug an tAire Harris dúinn an lá suntasach i stair agus oidhreacht na hOllscoile a bhaint amach.

“Is ionann ainm dlíthiúil na hOllscoile anois agus ‘Ollscoil na Gaillimhe’ i nGaeilge, agus ‘University of Galway’ i mBéarla. Leanann ár dtiomantas mar ollscoil do phrionsabal an dátheangachais agus léiriú air sin is ea an t-ainm nua seo.

Ba mhaith liom thar ceann na hOllscoile buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu leis an athrú go dtí an t-ainm nua. Aithnímid freisin iad siúd ar fad lasmuigh de phobal na hOllscoile a thacaigh lenár n-iarrachtaí féiniúlacht a bhunú atá chomh nasctha sin leis an áit ina bhfuilimid, agus a leanann leis an tacaíocht sin i gcónaí.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories