Sparánacht Uí Eithir

Tuesday, 8 December 2015


Breandán Ó hEithir

Bunaíodh an sparánacht seo i 1995 i gcuimhne ar Bhreandán Ó hEithir, craoltóir, iriseoir, scríbhneoir agus iar-mhac léinn de chuid na hOllscoile le síntiúis óna chairde.

Is fiú €1,500 an sparánacht agus bronnfar í gach bliain ar mhac léinn lánaimseartha dochtúireachta i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh atá sa chéad/dara/tríú/ceathrú bliain dá c(h)úrsa.

Is iad an Ghaeilge, an Béarla agus Léann na hÉireann na príomhdhisciplíní as a roghnófar iarrthóirí. Ag brath ar an réimse taighde, d’fhéadfadh disciplíní eile (m.sh., an Stair, an Pholaitíocht agus an tSocheolaíocht) a bheith san áireamh freisin le haghaidh na sparánachta. Is iad na réimsí taighde a bheas i gceist: cúrsaí litríochta (Gaeilge nó Béarla) a bhaineas le hÉirinn go príomha. Cuirfear san áireamh freisin réimsí eile léinn a dhíreos ar léann, ar chultúr nó ar shochaí na hÉireann.

  • Tabharfaidh an t-iarrthóir a roghnófar seimineár in ábhar a chuid taighde le linn thréimhse na sparánachta.
  • Tig leis an sparánacht a bheith sa bhreis ar aon deontas, scoláireacht nó eile a bheas ag an té a roghnófar, ach tig leis an mbord measúnóirí tús áite a thabhairt d’iarrthóirí nach bhfuil aon mhaoiniú eile acu dá gcúrsa dochtúireachta.

An Bord Measúnóirí: Ollamh na Nua-Ghaeilge (nó ionadaí), Ollamh an Bhéarla (nó ionadaí) agus Stiúrthóir an Léinn Éireannaigh (nó ionadaí).

Modh Iarratais: Seol litir iarratais maille le sampla scríbhneoireachta (nach faide ná 3,000 focal) ar ríomhphost i nGaeilge nó i mBéarla chuig Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, (seoladh rphoist: artspostgrad@nuigalway.ie) roimh 8 Eanáir 2016. Ba cheart go mbeadh ‘Sparánacht Uí Eithir’ i líne ábhair an ríomhphoist agus go mbeadh gach cáipéis i bhformáid PDF.

This bursary was established in 1995 in memory of Breandán Ó hEithir, through donations from his friends. The broadcaster, journalist and writer, was a former student of NUI Galway.

The bursary is valued at €1,500 and will be awarded each year to a fulltime PhD student in the College of Arts, Social Sciences and Celtic Studies. The award may be made in Year 1 – 4 of the student’s programme.

Irish, English and Irish Studies are the principal disciplines from which selection will be made. Other disciplines (e.g., History, Political Science and Sociology) may also be considered. Normally, the area of research shall be literary studies (in Irish or in English) principally concerning Ireland. Other subjects of research may be in the general area of linguistic, cultural and social studies of Ireland.

  •  The successful candidate will give a seminar on his/her research topic during the period of the bursary.
  •  The bursary may be held in conjunction with other funding (e.g., grant or scholarship). The board of assessors may give preference to applicants who do not have any other funding.

Board of Assessors: Ollamh na Nua-Ghaeilge (or nominee), the Professor of English (or nominee), the Director of Irish Studies (or nominee).

Mode of Application: Send a letter of Application by email to the College of Arts, Social Sciences, and Celtic Studies, (email: artspostgrad@nuigalway.ie) with a writing sample (in Irish or English and not more than 3,000 words) before 8 January 2016. ‘Sparánacht Uí Eithir’ should be in the subject line of the email and all documents should be in PDF format.

Keywords: College.

Author: CoASSCS, NUI Galway
« Back

Related news


Featured Stories