Eolas faoi Ghaillimh

Ós rud é go bhfuil cathair fhuinniúil agus Ollscoil bhríomhar le taobh a chéile anseo, is áit í Gaillimh atá tarraingteach do chách agus a fheileann don aos óg níos fearr ná mórán áiteanna eile. Tá Gaillimh ar bharr an liosta de na háiteanna is fearr le cuairt a thabhairt orthu in Éirinn ag an Lonely Planet Guide (2012). Rinne siad cur síos ar Ghaillimh mar chathair stairiúil ach chomhaimseartha san am céanna.

Gaillimh lán le cultúr

Cathair chultúrtha í Gaillimh a mheallann na mílte cuairteoirí chuig féilte a bhíonn ar siúl ar feadh na bliana. I measc na bhféilte is mó a bhíonn ar siúl i nGaillimh tá Féile Idirnáisiúnta Litríochta, An Chúirt, Féile Ealaíon na Gaillimhe, Rásaí na Gaillimhe agus Féile na nOisrí tá cáil orthu i bhfad agus i gcéin. Tá an t-ádh le haon duine a bhfuil spéis acu san amharclannaíocht i nGaillimh mar go bhfuil roinnt compántas drámaíochta den scoth lonnaithe sa chathair, ina measc Compántas Drámaíochta an Druid. D’oscail Amharclann na Cathrach in 1993 agus bíonn gach gné de na taibh-ealaíona ar siúl ann idir cheolchoirmeacha, bhailé, agus cheoldrámaí..

Gaillimh lán le brí

ph_2314a[1] Cé go bhfuil Gaillimh ar cheann de na cathracha is sciobtha fáis san Eoraip, tá sí chomh cairdiúil céanna agus a bhí riamh agus sin an fáth a bhfuil tóir uirthi.

Tá croí óg ag an gcathair agus is ionann mic léinn agus 20% den daonra anseo. Dá bhrí sin bíonn óige, spraoi, fiosracht agus fuinneamh sa chathair rud a chiallaíonn gur uirthi a bhíonn an tóir. Baineann mic léinn tairbhe as na háiseanna ar fad atá le fáil i gcathair nua-aimseartha is é sin ionaid siopadóireachta agus siamsaíochta, dhá phictiúrlann, caiféanna agus bialanna, clubanna oíche agus neart ionad ceoil. Is í Cathair na Gaillimhe an áit is idirnáisiúnta in Éirinn – is ar an gcoigríoch a rugadh duine as gach ceathrar atá ina gcónaí inti.

Gaillimh lán le spórt

Cathair mhór spóirt í Gaillimh. Is cuma cén spórt a bhfuil suim agat ann más rásaíocht chapall, na cluichí Gaelacha, más sacar nó rugbaí nó rámhaíocht, más raonrásaíocht carranna, rásaíocht chon nó eile tá sé againn.

Bíonn an-tóir ar Rásaí na Gaillimhe agus is í an fhéile idirnáisiúnta seo buaicphointe na rásaíochta capall. Ba é Railí Idirnáisiúnta na Gaillimhe an chéad railí idirnáisiúnta a bhí ar siúl riamh i bPoblacht na hÉireann.

Na Cluichí Gaelacha:Tá foirne iománaíochta agus peile sa chathair ag gach leibhéal agus imrítear na cluichí móra ar Pháirc an Phiarsaigh sa chathair..

Rugbaí: Tá dhá fhoireann sinsir rugbaí sa chathair chomh maith le foireann Galwegians RFC agus Corinthians RFC, chúige Rugbaí Chonnacht a imríonn i gCorn Heineken agus a mbíonn a gcuid cluichí baile acu ar an mBóthar Beag sa chathair.

Spórt Uisce: Bíonn an-tóir ar an tseoltóireacht agus ar an iomramh ar Abhainn na Gaillimhe agus tá cúig chlub iomraimh sa chathair, ceann na hOllscoile féin san áireamh.

Na Cúlchríocha

Tá suíomhanna nádúrtha den scoth ar leac an dorais ag Gaillimh, ar a n-áirítear:

Boirinn: Is réigiún álainn de thírdhreacha aolchloiche é seo in aice láimhe i gContae an Chláir. ‘Áit chlochach’ a chiallaíonn an t-ainm

Conamara: “a savage beauty” a thug Oscar Wilde ar Chonamara. Tá Ollscoil na Gaillimhe buailte ar réigiún aoibhinn Chonamara agus an cósta, na sléibhte, na lochanna agus na portaigh atá ann.

An Ghaeilge i nGaillimh: Dóibh siúd a bhfuil suim acu sa Ghaeilge feilfidh Ollscoil na Gaillimhe go mór dóibh. Tá ionaid Ghaeltachta ag an Ollscoil ar an gCeathrú Rua, i gCarna agus i nGaoth Dobhair. Tá tuilleadh eolais faoi Áras na Gaeilge agus faoi Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le fáil anseo.

An Saol Cathartha agus Pobail

Tá Gaillimh lán le daoine agus le heagraíochtaí cathartha atá ag obair chun sochaí uilechuimsitheach agus rannpháirteachas a chruthú.  Is féidir leat a bheith páirteach go hiomlán i bpobal na Gaillimhe trí thabhairt faoi obair dheonach, socrúchán oibre sa phobal agus comhpháirtíochtaí taighde.  Tá Ollscoil na Gaillimhe ar a míle dícheall oibriú le pobail chathartha agus a cion a dhéanamh.  As seo go ceann cúpla bliain, mar shampla, tá an-áthas ar Ollscoil na Gaillimhe a bheith lárnach i bPríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 mar thionscnamh pobail agus cathrach.

Léigh faoi chion Ollscoil na Gaillimhe ar son an phobail

Fíricí beaga

Tá an méid seo in Ollscoil na Gaillimhe :

  • Ós cionn 19,000 mac léinn.
  • 4,000 mac léinn idirnáisiúnta ó 110 tír ar an gcampas.
  • 2,600 comhalta foirne.
  • 110,000 Alumniar fud an domhain.
  • 1,380 nasc le hollscoileanna ar fud na cruinne, lena n-áirítear 200 in 25 tír san AE agus 180 in 15 thír eile ar fud an domhain. 
  • 175 bliain ag cur oideachas ollscoile ar fáil. 

Tá Ollscoil na Gaillimhe:

  • rangaithe i measc an 2% is fearr go hidirnáisiúnta de réir Ranguithe Ollscoile QS an Domhain
  • ar an ollscoil is fearr in Éirinn i dtaca le hinfhostaitheacht céimithe agus 98% dar gcéimithe fostaithe nó i mbun staidéar breise laistigh de shé mhí ón am a gcáilíonn siad.

Tá Ollscoil na Gaillimhe ar thús cadhnaíochta ó thaobh taighde de sna réimsí seo a leanas:

  • Eolaíocht Bhithleighis agus Innealtóireacht
  • Eolaíocht Ghréasáin
  • Cearta an Duine
  • Muireolaíocht, Fuinneamh agus Eolaíocht an Chomhshaoil
  • Na hEolaíochtaí Sóisialta Feidhmeacha agus Beartas Poiblí, Na Daonnachtaí, go mór mór Litríocht, Amharclannaíocht agus an Léann Éireannach